Sé mo laoch mo Ghile Mear ‘Sé mo Shaesar, Ghile Mear, Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear. Seal dá rabhas im’ mhaighdean shéimh, ‘S anois im’ bhaintreach chaite thréith, Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan De bharr na gcnoc is in imigéin. Bímse buan ar buairt gach ló, Ag caoi go cruaidh ‘s ag tuar na ndeor Mar scaoileadh uaim an buachaill beo ‘S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón. Ní labhrann cuach go suairc ar nóin Is níl guth gadhair i gcoilltibh cnó, Ná maidin shamhraidh i ngleanntaibh ceoigh Ó d’imthigh sé uaim an buachaill beó. Marcach uasal uaibhreach óg, Gas gan gruaim is suairce snódh, Glac is luaimneach, luath i ngleo Ag teascadh an tslua 's ag tuargain treon. Seinntear stair ar chlairsigh cheoil 's líontair táinte cárt ar bord Le hinntinn ard gan chaim, gan cheó Chun saoghal is sláinte d' fhagháil dom leómhan. Ghile Mear ‘sa seal faoi chumha, ‘S Éire go léir faoi chlócaibh dubha; Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear.